Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 159
- XML “Seanchainteanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an Mhaighdean Mhuire amach trí bolgamacha fola le gach fead.19. An fear atá i gcionn turais ar maidin agus bean ruadh a chastail air gur cheart dó pilleadh mar nach n-eirigheann a thuras leis.20.Má tharraingtear fuil ag soitheach an uisce coisrioca i dteach an phobail deirtear nach bhfuil sé ceadmhach ag an tsagart níos mó uisce coisrioca a dhéanamh go cionn bliadhna.21.Ó tháinig an urnaighe an 'Salbhe Regina' isteach nach bhfacthas an taibhse ó shoin.22. Dá mbeithea ag ól bainne agus an soitheach tuitim as do láimh deirtear go raibh an bainne sin a dhith ar na daoine beaga.23.Má theidheann duine ar thuras, é dearmad a dhéanamh agus air pilleadh airíst ba cheart dó suidhe síos sula bhfágfadh sé an teach an dara h-uair.24.Maide briste a chaitheamh indiaidh duine a bheadh ag gabhail ar thuras le ádh a chur air.25.Dhá spunóg i gcupa sin comhartha bainfheise.26. Má bhléascann an teinidh ort agus tú seileóg a chaitheamh i n-eadán na ndrithleóg sin comhartha go bhfuighidh tú airgead.(leanann ar an chéad leathanach eile)