Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 157

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Sean Cainteanna. 13adh lá, Márta 1938

1. Níl sé ceart ag bean atá indiaidh clainne agus nach bhfuair í fhéin coiscrioca a ghabhail isteach i dteach go bhfaghaidh sí í féin coisrioca. Má théidheann sí isteach deirtear go mbéidh anas agus boichtíneacht sa teach sin a choidhche na dhiaidh sin.
2. Níl sé ceart sgáth-fearthanna a fhosgladh istigh i dteach ná é a chur i n-áirde as do cheann mar deirtear go mbeidh corp sa teach sin taobh istigh de bhliain.
3. Tochas in do ioscaidí; sin comhartha báis.
4. Tochas in do ghaothsan; sin nuaidheacht ná gaothsan briste.
5. Tochas i gcroidhe na boise deise; sin crathadh láimhe.
6. Tochas i gcroidhe na boise clí; sin comhartha faire ná rún siubhail.
7. Ag brionngloidigh ar do mháthair agus í marbh le tamall sin comhartha bróin- do mháthair le brón.
8. Ag brionngloidigh ar d'athair agus é marbh le tamall sin cabhair - d'athair le bathair.
9. Níl sé ceart ag teachran léim a thabhairt thar dhruim madaidh ná a ghabhail ar a dhruim mar deirtear nach mbíonn níos mó méide ins an teachrán sin.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Teanga
Gaeilge