Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)( ar leanamhaint ó leathanach 164)Rinne an gasúr sin. Ansin thoisigh an cearrbhach a' fhoghlaim urnaighe dó. Nuair a bhí an urnaighe foghlamtha ag an ghasúr caidé a tháinic aníos fríd an talamh ach an bás. Fuair sé greim ar an Chearrbhach is mharbhuigh sé é.
Nuair a cuireadh i gcomhnair é cuireadh paca na gcárdaí isteach ins an chomhnáir ina chuideachta. Ansin cuireadh é.
Nuair a chuaidh sé suas chuig Dia agus chonaic Dia paca na gcárdaí ní bhfuigheadh sé isteach go bhfágfadh sé na cárdaí taoibh amuigh den gheafta. Dhiultaigh an Cearrbhach sin a dhéanamh. Ansin d'imthigh sé chuig an diabhal agus bhain sé cuid mhór anamnach. Fá dheireadh d'imthigh sé suas chuig Dia agus d'fhág sé na cárdaí 'na dhiaidh.
Nuair a chonnaic sé an áit dheas a bhi ins na Flaithis rinn sé dearmad do na cárdaí agus ón lá sin go dtí an lá indiu tá paca na gcárdaí taobh amuigh de na geaftaí.Sorcha Mhór Ní Ghallchobhair. Aois 90 bliadhain. Loch na nDeoran.- Faisnéiseoir
- Sorcha Mhór Ní Gallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 90
- Seoladh
- Loch na nDeorán, Co. Dhún na nGall