Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)13.Gan a dhul thar an chorp.
14.An cluimhreach a thógáil as faoi cheann an té atá ag fághail bháis-deirtear go mbiónn an té atá le bás ag fuilstean níos faide ná ba chóir dó.
15. An suip a bhíonn ins an leabaidh a thaisceadh.
16. An t-uisce ar nigheadh an corp ann a chur i bpoll.
17. Gan amharc fríd fhuinneog ar thórramh.
18.Cosa an chuirp a chur ar thoiseach nuair a bhíthear ag iomchar na cónrach 'na h-uaighe mar deirtear gur i n-éadán a choise a théidheann an marbhánach 'na h-uaighe.
19.Bascóid phíopaí a thabhairt 'na roilige lá an tórraimh agus iad a roinnt ar na fir.
20.Fuighleach na bpíopaí a chur ins na fosclaidheacha a bhíos i gclaidhe cloch.
21.Seanbhean suidhe ar an chomhnair lá an tórraimh.
22. Paidrín mór na gcúig ndeichneabhar déag a rádh oidhche na faire.
23.Ní ceart do bhean suidhe ar ghlúin fir i dteach faire.
24. Ní ceart béal an chuirp a dhruid go mbeidh an corp tamall marbh fá choinne deis a thabhairt dó a chás a shocrughadh le Dia.