Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 15

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 15

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 15
  3. XML “Eachtra Aodh Bháin agus Shéamuis Cróin”
  4. XML “An Bádóir agus an Bodach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    fhad leis i go bhfuair sé greim rubaill ar an bheathach. Bhí sé ag goid suas órdlach ar órdlach go bhfuair sé a lámh ins an bheilt a bhí ag an mharcach. Tharraing sé anuas na trágha é agus bhain an ghaoth as le scin fhada.
    Niall Ó Domhnaill (Séimisín)
    Doire na Mainsear
    Aois 82 bliadhain
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Chuir muinntir Árainn Mhóir teachtaireacht chuig Ruaidhrí Ruadh Ó Domhnaill a bhí na chomhnuidhe ar an Ghlasaidh a theacht ar cuairt ar an oileáin chuca. Tháinic sé agus chaith sé coicighis in a measc. Nuair a bhí sé ag gabháil go tír mór arís chuir siad lasta báid de phronntanais leis agus éadach órnaighthe faoi na chosa ins an bhád. Bhí bodach gallta na chomhnuidhe i nGleann Cholm Cille ar b'ainm de CAptaoin Muireachtaigh agus nuair a chualaidh sé an t-ádh a bhí ar an Dáilach smaointigh sé go bhfiachadh sé féin a lámh fríd Árainn. Chuaidh sé go hÁrainn agus d'fhán sé dhá oidhche ann agus an tríomhadh maidin d'iarr sé ortha bádóir a fhagháil a d'fhágfadh amuigh ar tír mór é. Chuimil na tighthe óstais go cruaidh air an dá oidhche sin a d'fhán sé acu. Nuair a thainic sé amach go h-Ailt an Chorrain an tríomhadh lá, labhair sé....
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Niall Ó Domhnaill
    Ainmneacha eile
    Niall Ó Domhnaill
    Niall (Séamisín) Ó Domhnaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    82
    Seoladh
    Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall