Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 132
- XML “Iníonacha Rí an Domhain Thiar agus Mic Rí an Domhain Thoir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chuaidh an fear bocht isteach ins an bhád a rabh an bhean óg ann. Annsin thóg siad na h-ancoirí agus sheol siad go dtí an taoibh eile de'n loch. Nuair a thainic siad i dtír d'imthigh na cailíní ag tarraingt ar an bhaile agus d'imthigh na buachaillí ag tarraingt ar a mbaile fhéin.
D'imthigh an fear bocht ar toiseach. Nuair a shroich sé an caisleán chaith sé de an clóca dearg agus bhain sé an leabaidh amach. Leig sé air go rabh sé na chodhladh ar theacht 'un toighe do na cailíní.
Ar maidin thainic an rí isteach agus chuir sé ceist ar an fhear caidé mar d'éirigh leis. D'innis an fear an sgéal dó ó thús go deireadh ach ní chreidfeadh an rí é. Annsin thaisbeán an fear cupa an óir, brainnse an óir agus brainnse an airgid dó agus ba sin crúthughadh go leor dó. Annsin dubhairt an rí go bhfuigheadh sé a rogha de'n dá chloigeann déag de na ingeanacha le pósadh. Dubhairt an fear go bpósfadh sé an bhean a b'óige. Pósadh iad agus bhí scoith dóigh ortha ó sin amach.- Faisnéiseoir
- Sorcha Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 90
- Seoladh
- Loch na nDeorán, Co. Dhún na nGall