Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 130
- XML “Iníonacha Rí an Domhain Thiar agus Mic Rí an Domhain Thoir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fhios aige a dhath ar maidin.
Bhí scaifte mór fear marbh ag an rígh. Fá dheireadh thuit an crann ar bhuachaill óg as an áit agus bhí an créatúr i ndroch arán. Chuaidh sé chuig Cailleach na gCearc a iarraidh comhairle uirthi. Bhí truaighe mhór aici-se dó. Thug sí clocha dearg dó agus dubhairt sí leis nuair a chuirfeadh sé air é nach bhfeicfeadh neach beo ar an tsaoghal é.
"Anois" arsa Cailleach na gCearc, "nuair a thiocfas an cailín is sine chugat le deoch fhíona ná h-ól é ach caith siar in do mhuinchille é"
D'imthigh an fear bocht go caisleán an ríogh agus é crith-eaglach go leor. Chuir an rí 'un tseomra é. Ní rabh sé i bhfad annsin go dtainic an bhean ba sine de na cailíní chuige le gloinne fíona. Fuair sé greim ar ghloinne an fhíona agus chaith sé siar in a mhuinchille é. Annsin luigh sé siar agus leig sé air go rabh sé na chodhladh.
Rinn na cailíní réidh annsin agus chuir siad ortha an t-éadach agus na bróga a ba deise agus a b'fhearr dá rabh acu. Thóg an bhean a ba sine leac a bhí faoin teinidh. Síos léithe agus lean an scaifte eile í, síos an staighre mór iarainn. D'éirigh an fear bocht as a leabaidh agus lean sé iad. Chuaidh siad fríd choillidh óir agus airgid. Bhain an fear brainnse de'n ór agus brainnse(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Sorcha Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 90
- Seoladh
- Loch na nDeorán, Co. Dhún na nGall