Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 13

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

agus chuir sé an téad anuas an simleor agus cheangail sé an téad an bhárr a bhróige. Nuair a tháinic sé isteach bhí an bainne dóirte ag an leanbh. Ní rabh fhios aige caidé a dhéanfadh sé. Annsin thoisigh sé a dhéanamh brachain fá choinne an dinneara. An chead bhogadh a rinn an bhó tharraing sí an fear suas an simleor. Nuair a chonnaic an bhean sin tháinic sí isteach agus dubhairt an fear nach bhfanochadh sé istigh go deo aríst.

Maighread Ní Grianna
Rann na Feirsde
Aois: 74 bliadhain

Ins an bhliain 1741 críochnughadh cogadh Cromail ins an tír seo agus ní mó na gur fágadh duine beo fá chuid oileain na Rosann. Dóigheadh trí scór go leith daoine idir bheag agus mhór i nUamhach, i nÁrainn Mór an áit a dteachaidh siad i bhfolach nuair a bhí na saighdiúirí ar an oilean. Dóigheadh deirbhshiuir do Aodh Bán Ó Domhnaill agus máthair Shéamuis Cróin Uí Ghallchobhair ann. Mhionnuigh an bheirt fear seo go mbéadh éiric acu. Ní rabh fear ar bith comh lúthmhar ar a chois le Séamus Cróin agus ní rabh fear ar bith a raibh súil comh maith aige ar ghunna le Aodh Bán. "Mór" an t-ainm a bhí ar an ghunna a bhí ag Aodh Bán. "Mór" an t-ainm laidin atá ar...

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Niall Ó Domhnaill, ainm áitiúil Niall (Séimisín) Ó Domhnaill
Inscne
fireann
Aois
82
Seoladh
Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge