Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 129

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 129

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 129
  3. XML “An Bhean a Bhí le Pósadh”
  4. XML “Iníonacha Rí an Domhain Thiar agus Mic Rí an Domhain Thoir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an-chosamhail leis an chailín a rabh a mhac-san na diaidh. Cupla lá na diaidh sin chuaidh an gréadaidhe, an búisteár agus mac an fheirmeóra chuici agus chuir siad foráin phósta uirthi. Dhiultaigh sí an gréadaidhe agus an búisteár agus ghlac sí mac an fheirmeóra. Pósadh iad agus bhí saoghal sona ádhmharach acu.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí rí agus bainrioghain san Domhan Thoir fad ó shoin agus bhí dhá chloigeann déag mac acu. Ins an am chéadna bhí rí agus bainrioghain ins an Domhan Thiar agus bhí dhá chloigeann déag ingeanacha acu. Bhí ingeanacha ríogh an Domhain Thiar iongantach trom ar bhróga agus ar éadach. Ba mhaith leis an rí fagháil amach caidé mar bhí siad ag caitheamh na mbróg agus an éadaigh. Chuireadh sé fear isteach sa tseomra achan oidhche agus mar mbéadh fhios aige ar maidin caidé mar bhí na cailiní ag caitheamh na mbróg agus an éadaigh thaineadh sé an ceann de. Comh luath agus rachadh fear isteach 'un tseomra sa n-oidhche bheireadh an bean ba sine de na cailíní deoch fhíona dó. Annsin thigeadh trom-shuan codlata air agus ní bhéadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0306: The Danced‑out Shoes
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Sorcha Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    90
    Seoladh
    Loch na nDeorán, Co. Dhún na nGall