Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 128

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 128

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 128
  3. XML “An Bhean a Bhí le Pósadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a fágáil annsin nach mbéadh sí acu ach oidhche amháin. Fá dheireadh dubhairt sé go dtiocfadh léithe fanacht go maidin.
    An maidin d'éirigh an bhean bhocht go luath agus d'imthigh sí léithe. Dubhairt sí in a h-intinn fhéin nach bpósfadh sí an búistéar. An dara h-oidhche chuir sí uirthi éideadh na mná boichte arais agus d'imthigh sí a chruinniughadh. Chuaidh sí go dtí an teach a rabh an gréadaidhe na 'chomhnuidhe ann. Leig bean a' toighe isteach í. Nuair a thainic an gréadaidhe isteach d'fhiafruigh sé carbh' as a dtáinic an bhean bhocht agus cad chuige ar leig sí isteach í. D'iarr bean o' toighe air a fágáil annsin nach mbéadh sí acu ach oidhche amháin. Ach fuair an gréadaidhe greim uirthi agus chaith sé amach í. Dubhairt na h-intinn nach bpósfadh sí an gréadaidhe. Annsin bhain sí an baile amach.
    Ag am dinneára an tríomhadh lá chuir sí uirthi éadaidh na mná boichte agus d'imthigh sí ag tarraingt ar theach mhic an fheirmeóra. Bhuail sí ar an boras. Thainic bean a' toighe amach agus chuir cest uirthi caidé a bhí dhíth uirthi. Dubhairt sí go rabh sí ar lorg déirce. Bhí mac an fheirmeora na shuidhe ag an teinidh agus d'iarr sé ar an mnaoi bhoicht theacht aníos agus a goradh a dheanamh. Annsin d'iarr sé ar a mháthair dinneár maith a thabhairt díthe. Fuair sí dinneár agus nuair a bhí sí ag imtheacht dubhairt fear an toighe go rabh sí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1455: The Hard‑hearted Fiancée
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraic Ó Dubhthaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Anagaire, Co. Dhún na nGall