Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 127

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 127

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 127
  3. XML “An Droch-Leasmháthair”
  4. XML “An Bhean a Bhí le Pósadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean ann uair agus bhí trúir fear le faghail aici le pósadh. Bhí cuid mhór airgid agus talaimh aici. Bhí an chead fhear na bhúistear; bhí an dara fear na ghréadaidhe agus mac feirmeóra a bhí ins an tríomhadh fear. Ní rabh fhios aici cé acu dé'n trúir a ghlacadh sí agus bhí sí i ndroch-arán. Smaoitigh sí ar chleas oidhche agus í na luighe ar a leabaidh. Chuir sí uirthi éideadh mná boichte agus chuaidh sí i mbráig-riocht mná boichte. D'imthigh sí léithe a chruinniughadh déirce.
    Chuaidh sí an chead oidhche go teach an bhúisteara ach ní ró-shásta a bhí bean an toighe lóistín na h-oidhche a thabhairt díthe. Fá dheireadh indiaidh mórán cainnte leideadh isteach í. Nuair a thainic an búistéar isteach chuir sé ceist ar a mháthair cad chuige ar leig sí isteach an sean-rud sin agus bhí sé fá choinne an bhean bhocht a chaitheamh amach ar an chnoc. D'iarr an mháthair air
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1455: The Hard‑hearted Fiancée
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraic Ó Dubhthaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Anagaire, Co. Dhún na nGall