Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 116

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

Tá sé ráidhte má bhíonn fear i gcontabhairt báidhte go mbéídh fhios cé acu báidhfear é ná na mbéidhfear ach duine an laoi na mbuaidheann a rádh. Caithfidh an té a deirfeas í an laoi a bheith aige de ghlan mheabhair. Ma bhíonn sé abalta an laoi a rádh trí h-uaire indiaidh a chéile gan a ghabhail fríd ní bháidhfear an fear ach má theidheann sé fríd an laoi báidhfear an fear.

Bhí lánamhain na gcomhnuidhe ar an tSliabh Ruadh fad ó shoin. Ní rabh de theaghlach acu ach aon mhac amháin agus tógadh ar an uaigneas é. Ní rabh sé ariamh amuigh i measc scaifte daoine. Lá amháin bhí sé amuigh agus chonnaic sé scaifte daoine ag gabhail thart leis an teach. Dia Domhaigh a bhí ann agus bhí siad ag gabhail 'un aifrinn. Bhí an dubh iongantas ar an ghasúr fá'n méid daoine a bhí ann ná shil sé nach rabh an oiread sin daoine ar an tsaoghal dar leis go leanfadh sé iad.
D'imthigh sé leis 'un aifrinn. nuair a thainic sé na bhealaigh mhóir bhí na daoine uilig ar shiubhal thart ach cor dhuine a bhí cosamhail

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Róise Ní Dubhthaigh
Inscne
baineann
Aois
82
Seoladh
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge