Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 112

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

an diabhal a bhí ann. Rinn sé a fhaire agus a chóireadh mar rinneadh le achan nduine ariamh agus bhí cead acu a sáith a ithe ó'n lá sin amach.

Fear as an bhaile seo a bhí ann, agus ní rabh a dhath ar a intinn nuair a bhí sé na ghásúr ach obair fairrge. Bhí a shliocht air mar comh luath is thainic ann dó bhain sé an fhairrge amach. Chuaidh sé ar cheann de na doithigh móra a bhí ag seoladh amach fhad leis na tíortha cúil. Chuaidh blianta thart as ní rabh a thuairisc le fagháil. Ní rabh fagháil air beo na marbh. Cuid a deireadh gur báidhte a bhí sé agus cuid eile a deireadh go rabh sé pósta i dtír coimhthigheach. Ach leis an fhírinne a rádh agus a dhéanamh ní rabh fhios acu cá rabh sé ná níor chuir sé lá sgolb na sgéala chuig na mhuinntir ó'n lá a d'fhág sé Rann na Feirsde.
Mórán blianta na dhiaidh sin ar philleadh na bhaile dó i ndeireadh an lae bhí a mhuinntir uilig ar shluagh na marbh. Ní rabh fá na choinne ach ballaí fuara folamha. Chuaidh sé a...

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Sorcha Ní Gairbhe
Inscne
baineann
Aois
35
Seoladh
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge