Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 101

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 101

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 101
  3. XML “An Bhean agus an Scáthán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    shaoil sé a bhí ann ach a athair a bhí marbh le mórán blianta. Chuir sé cumhaidh air agus phóg sé míle uair é má phóg sé uair amháin é. Annsin thaiscidh sé ina phóca é agus thug sé a aghaidh ar an bhaile.
    Níor innis sé dadiadh dó'n bhean ach i gcionn achan tamaill nuair a gheobhadh sé deis tharraingeodh sé an giota de scáthán as a phóca. D'amharcadh sé air agus annsin phógadh sé é. Annsin chuireadh sé an scáthán in a phoca. Bhí an bhean a choimhead faoi na súil agus shíl sí gur mearadh a bhí air. Annsin smaoitigh sí go mb'fhéidir gur pioctúir mná a bhí aige agus ní rabh sí leath-shásta.
    Lá ar na bhárach bhí aonach i nGort a' Choirce agus d'imthigh an fear leis 'un aonaigh. Sul ar ... sé d'fhiafruigh sé de'n bhean cé acu a chuid sean-éadaigh na a chuid éadaigh úra a chuirfeadh sé air. Rinn sé sin agus bhog sé leis. Nuair a fuair sí ar shiubhal é chuaidh siad fríd pócaí a chuliath Domhnaigh agus fuair sí an scáthán. Bheathnuigh sí air ar feadh tamaill agus dubhairt sí "Níl fhios agam caidé a chonnaic sé san tsean rud mhíofúr sin".
    Pádraic Ó Baoighill Aois 47 bliadhain
    Rann na Feirsde Feirmeoir
    Athá na gCoire
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraic Ó Baoighill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    47
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall