Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 100

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 100

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 100
  3. XML “An Cailín Aimsire agus an Mhuc”
  4. XML “An Bhean agus an Scáthán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    D'iarr sí ar an uisce an teine a bháthadh mar nach ndóighfeadh an teine an bata, nach mbuailfadh an bata an madadh, nach mbainfeadh an madadh greim as an mhuic, nach dtabharfadh an muc léim an chlaidhe agus nach bhfuigheadh sise na bhaile anocht.
    Dubhairt an t-uisce go m'báithfeadh agus fáilte. Thoisigh an t-uisce a bháthadh na teineadh; thoisigh an teine a dóghadh an bhata; thoisigh an bata a bhualadh an madaidh; bhain an madadh greim as druim na muice; thug an mhuc léim an chlaidhe agus fuair an cailín aimsire na bhaile leis an mhuic.
    Aodh Ó Baoighill Aois 70 bliadhain
    Rann na Mónadh Feirmeoir
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí fear agus bean na gcomhnuidhe ar an Chraos-Loch fad ó shoin agus ní rabh duine ar bith teaghlaigh acu. San am sin ní rabh fhios caidé an rud scáthán. Mar nach rabh a leithéid ag gabhail san am. Domhnach amháin indiaidh an aifrinn d'imthigh an fear amach 'un tsléibhe ar lorg a chuid caorach. Casadh píosa beag de scáthán air ar a a bhealach. Chrom sé síos, agus thóg sé é. D'amharc sé air agus chonnaic sé a dhealbh féin istigh ann. Cé a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraic Ó Baoighill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    47
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall