Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 459
- XML “Naomh Pádraig”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a tháinic Pádraic go Teamhair ar tús, bhí na daoine iongantach mío-shásta leis cionnas gur las sé an teine ar Chnoc Sláinge agus gur bhris sé dligheadh an ríogh. Chuaidh an rí agus na draoidhthe fhad le Pádraic agus thoisigh siad a chainnt ar an chreideamh agus dubhairt Pádraic leo nach raibh aca ach creideamh bréige.
Annsin rinn siad príosúnach de, agus chuir siad é a choimead na bpréachán amach as an choirce agus dubhairt an rí leis dá leigeadh sé aon ghas amháin a ithe go rachadh sé 'un báis. Choimead sé leis iad go dtáinic an Domhnach agus d'iarr sé cead ar an rígh é a leigint 'un aifrinn agus dhúiltigh an rí é.
Nuair a fuair Pádraic an rí ar shiubhal, scairt sé ar na préachaín i n-ainm Dé, a theacht chuige agus é a leigint 'un aifrinn agus go gcuirfeadh sé faoi gheasa iad nach muirbhfeadh a'n duine iad fá choinne a gcuid feóla a ithe. Chruinnigh siad thart air agus chuir sé isteach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Chrosain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Proinsias Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 81
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall