Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 405

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 405

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 405
  3. XML “An Cailín Falsa”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Cailín Fallsa.
    Bhí bean ann fad ó shoin agus bhí inghean amháin aici. Bhí an inghean iongantach fallsa agus ní dheanfadh sí obair ar bith do n-a máthair. Is minic a bhíodh fearg ar an mháthair leithe.
    Lá amháin bhain sí slat agus bhuail sí go maith í. Thoisigh sí a chaoineadh go hárd agus bhí ann a ceann. Cé bhí ag gabhail thart anns an am ach mac an ríogh ag marcaidheacht ar dhruim capaill. Chualaidh sé an cailín ag caoineadh agus chuir sé ceist ar an mhnaoi caidé bhí cearr leithe. Níor mhaith leis an mháthair droch ainm a thabhairt do'n chailín cionnas nach raibh aici ach í.
    "Tá", ar' sise "ní thig liom tabhairt uirri stad ó obair agus b'éigean do í bhualadh go maith"
    "Ó", arsa mac an ríogh, "sin an seort cailín atá dhith ar mo mháthair. Bhearfaidh mé liom 'n-a bhaile í, agus má bhíonn mo mháthair sásta leithe
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0501: The Three Old Women Helpers
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Grianna
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Síghle Ní Grianna
    Inscne
    Baineann
    Aois
    60
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall