Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 334

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 334

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 334
  3. XML “Fionn Mac Cumhaill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Lá amháin bhí Fionn Mac Cumhaill agus na Fianna amuigh ag fiadhach. Chaith siad an lá ar ghleann agus ar bheann, ins na coilltibh agus ar na bántaibh agus ní bhfuair siad a dhath ar b'fhiú labhairt air. Ag clapsolas agus iad ag teacht 'n-a bhaile dhúisigh siad eilit mhaol. Do lean siad í eadar fhir agus mhadaidh go dtí go raibh siad uilig tursach, sáruighthe, ach amháin Fionn agus a dhá mhadadh, Bran agus Sceolán.
    Do lean siad-san an eilit, agus nuair a bhí siad i lár machaire mór, agus an oidhche ag tuitim ortha, do stad an eilit. Tháinic Bran aghus Sceolán fhad leithe agus i n-áit an eilit a mharbhughadh mar ba' dual dóibh, 'sé an rud a thoisigh siad a dheanamh cuideachta agus a luascair thart 'n-a timcheall. Bhí iongantas an domhain ar Fhionn nuair a chonnaic sé caidé rinn na madaidh; níor mhaith leis cur isteach ortha
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
          1. Fionn Mac Cumhaill (~137)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Róise Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Mícheal Ó Dubhthaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    82
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall