Scoil: Loch an Iubhair (uimhir rolla 16829)
- Suíomh:
- Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraic Mac Giolla Bhríghde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Madadh an Chúil Bháin
Bhí Ríogh agus Báinríoghain ann fad ó shoin agus bhí tríur n-ingeach acha. Bhí tobar aca agus athchuigne ar bith a ndiarrfaidhe as geobfaidhe é. Lá amháin thug an t-átair leis na triúr n-ingeacha agus. thug sé ortha a ghabhail síos sa tobar agus athchuigne a iarraidh.
Chuaidh an chead bhean síos agus d’iarr sí athchuigne a fear a bfhearr san domhan thoir a teacht aici an. oidhce sin. Chuaidh an dara bean síos agus d’iarr sí athchuigne an fear a b’fhearr san dhomhan thiar a teacht aici an oidhche sin.
Cuaidh an treas bean síos agus bhí sí ró ág le fear ar bith a iarraidh. Sheasuigh sí agus d’amharc sí thart agus chonnaic sí madadh mór bán na luighe ag cois claidhe agus d’iarr sí athchuigne an madadh mór bán sin a teacht aici an oidhche sin.
Tháinig an oidhche agus tháinig an tormán go dtí an doras cé bhí ann acht an fear a b’fearr san domhan thoir. Tamall na dhiaidh sin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siubhán Ní Gallchobair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Róise Ní Gallchobair
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Anagaire, Co. Dhún na nGall