Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)

Suíomh:
An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Doiminic Ó Ceallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 95

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 95

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochán Liath (Dungloe)
  2. XML Leathanach 95
  3. XML “An Fear a Maraíodh i nGleann Fhinne”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ag gabhail a dh'áirnéal i ngleann fhinne oidhche amhain, ach nuair a cuaidh sé fhad leis an doras, sheasuigh sé agus chualaidh sé an mhuinntir istoigh ag rádh go raibh siad ag gabhail a mharbhadha fear de chuid na comharsan. Thionntuigh sé ar (ar) a chois agus d'innis sé do'n mhuinntir eile caidé bhithear gabhail a dheánamh le fear aca. Chualaidh an mhuinntir a bhí ag ghabhail a dheánam an marbhadha seo, gur chualaidh an mhuinnthear eile é. Caidé rinne fear de'n mhuinntear seo ach innse do'n mhuinntir a bhí ag gabhail a dheánamh an gníomh, cé d'innis daobhta é. Bhí go maith a's ní raibh go h-olc Bliadhain o'n am sin, chuaidh sé a dh'áirneal arís, nuair a shíl sé go rabh deireadh marbh amach. Nuair a bhí sé tamall beag istoigh d'iarr fear an toighe air, theacht amach 'un an bhothuighthe go bhfeiceadh sé bearrach a bhí ag éileamh aige, chuaidh sé amach, agus caidé bhí amuigh roimhe ach an bhaicle. Thaisigh siad air go dtug siad bog--mharbadha air. Annsin thug siad leobhta é agus d'fág siad leath amuigh is astoigh (an) san abhainn é. Tháinig an mhaidín agus ní tháinig fear ar bith na bhaile. Chuaidh siad amach a chuartughadh, agus fuair siad é marbh, chuir siad fá choinne an t-sagart, agus léigh sé os a chionn, agus thiocfadh leis na daoine an fhuil a fheiceal ag teacht i bpluca an fhir, nuair a dubhairt an t-sagart paraiste leis nach dtearn aon duine ar an t-saoghal sin ach ar slánuightheoir agus nach ndeánadh seisean sin ach oiread. Ach dubhairt sé an fear a rinne seo éireochaidh sé ar maidín agus ní bhéidh aon ghreim gruaige ar an cheann, agus bhí sin ceart go leór
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Niall Ó Domhnaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    52
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall