Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)

Suíomh:
An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Doiminic Ó Ceallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 80

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 80

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochán Liath (Dungloe)
  2. XML Leathanach 80
  3. XML “Fear Loch Beara agus Níon an Rí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. "Fear Loch Bearra agus Nighean an Ríogh"
    ----------------------------------------
    (a d'aithris Domhnall Ó Dochartaigh (83 bl.)
    as Mín Doire A' Toirc, an Clochán Liath
    do Pádraig Ó Gallchobhair (13 1/2 bl.) an C. Liath)
    Fear a bhí na chomhnuidhe i loch bearra agus bhí
    triúr mac iage, agus le na chois sin, bhí peata seabhaic agus
    capall, aige. caidé tharluigh lá, nach rabh trí searrach ag an capall, agus
    trí éan aga an seabhaic. Nuair a d'éirigh siad mór, dubhairt
    an a mac a ba sinne go n-imtheochadh sé a deánamh a bheatha
    Lá thar na bharach gléas an t-athair é, thug do éan
    de chuid an t-seabhaic, agus capall caol dubh, agus a ghunna ar
    a guallaín, agus a chlaidheamh le na thaobh. Shiubhail sé leis annsin
    go dtáinig (ar) an trathnóna air. Chuaidh sé isteach i gcaillidh
    agus chonnaic sé solas sa choill, chuaidh sé fhadh leis, agus d'iarr
    sé loistín sa teach fuar sé sin. Nuair a tháinig sé i n-am
    chodlata mhothuigh sé trí bhuithre a ba mhó a mhothuigh se ariamh.
    Chuir sé cheist ar an fhear caide rud a leig na trí buithre
    sin no caidé rud iad. Dubhairt an fear leis ca h-áit ar
    tógadh tú nuair nar mhathuigh tú na búithre sin aroimhe, sin trí
    fath atá sa choill, agus tá nighean an rí sa choill fosta, agus
    ní bhfuigh fear a coidhche í a phósadh go mairbhfidh sé na trí
    fathaigh agus tá gaisgidheach óg lé bheith annseo a mbaroch le
    iad a throid.
    Chan na chodladh a bhí fear loch bearra ach
    na shuidhe ar maidín, bhí se ag (suas) gobhail suas an bealach mór
    agus tcí sé an gasúr óg ag gabhail suas agus an bhean óg leis.
    Nuair a chuaidh fear loch bearrach 'un tosaigh, bhí an gaisgidheach óg
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    AT0303: The Twins or Blood‑Brothers
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    13
    Seoladh
    An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Domhnall Ó Dochartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    83
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Mín Doire Thoirc, Co. Dhún na nGall