Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)
- Suíomh:
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Doiminic Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Rí agus bainríoghain (agus báin) ann aon uair amháin. Bhí (trí) triúr nighneach aca. (Bi) Fuair an bhainríoghain bás agus phós an Rí bean eile, ach bhí an leas-mhathair seo go h-iontach olc do na giorrsachaí.
Annsin ní rabh fhios (aca) ag an Rí caidé dheánfadh sé. Ins an deireadh chuir sé isteach ar oileán iad agus bheárfadh sé biadh isteach aca achán lá. Bhí dearbhrathair ag an leas-mhathair agus fathach a bhí ann.
Chuir an leas-mhathair sgéala chuige seo a theacht agus na giorrseachaí a thabhairt leis.
Thiocfadh an triúr giorrsach amach achan lá agus chaoinfeadh siad a mathair a fuair bás. Annsin bheadh fhios ag an Rí go rabh an triúr aca ann ar fad. Ach maidin amháin ní tháinig amach a chaoineadh ach beirt aca. Chuir an Rí ceist ar an bhean an rabh fhios aicí caidé a bhí ar an bean eile. “O” ar sise “béidh sí ag obair fríd an teach.
Bhí go maith as ní rabh go h-olc go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Dubhthaigh
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall