Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)

Suíomh:
An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Doiminic Ó Ceallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 102

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 102

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochán Liath (Dungloe)
  2. XML Leathanach 102
  3. XML “An Sagart ag Trá an Chéididh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí sagart ag gabhail treasna tráigh an chéididh, ar chuairt báis, bhí sé mall san oidhche, agus mar deirfeadh na seandaoine níl aon dhuine ar an domhan níos uaignigh na sagart. Níorbh fada go bfachaidh sé na trí solais ag teacht na dhiaidh, dá cheann iomlán, agus ceann beag. Stad sé agus d’amarc sé cupla uair ortha sul labhair sé focal ar bith, annsin chuir sé ceist orta caidé chug annsin iad, no caidé rud iad. Agus ba é an freagra a thug siad air go raibh siad ag teacht i n-áiricís a a máthara a bhí ag imteacht anocht. Chuir sé ceist annsin ortha cad chuige nach rabh (an) ceann aca go mór leis an mhuinntir eile, agus dubhairt siad gur dearbhrathair daobhtha a fuair bás agus na dtearnadh air a baisteadh [tuata]?.
    Nuair a chualaidh sé sin, ní tearn sé ach a ríbín a chuir air, agus bhaist sé é, agus tháinig solas iomlán ann. Annsin lean siad un toighe é ach ní thiocfadh le duine ar bith iad a fheiceall ach an sagart é fhéin. Nuair a chuaidh an sagart isteach, bhí siad ar a nglúnaibh, ag rádh urnaighthe an bháis. Léigh sé tamhall fada os cionn na mná agus nuair a bhí sé ag imteacht d’iarr sé ortha gan a beith buadhartha. No ar seisean ba mheanair domsa agus díbhse da mbéadh muid san áit a bhfuil an bhean sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Aodh Ó Dubhthaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    56
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Airdmhín, Co. Dhún na nGall