Scoil: Dubhchoradh
- Suíomh:
- An Dúchoraidh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máighréad, Bean Mhic Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhchoradh
- XML Leathanach 260
- XML “Eoghan Ó Baoighill”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"An tú fhéin a bhain an ceann dó" arsa seisean. "Leóga ní mé" arsa seisean ag toiseacht agus ag innse goidé mar bhí. Is maith liom arsa fear na h-oifige na an fear a bhain an ceann dó atá ag leis an airgead a fhághal. Chuir sé ceann Eóin ar na scáalaí agus thug an t-ór de'n fhear. Ag an dó dhéag a chlog tháinig Conn go dtí an oifig. D'fhiafruigh fear na h-oifige dó goidé a bhí leis. Ceann Eóin Ó Baoighill, arsa Conn.
An tú fhéin a bhain an ceann dó arsa fear na h-oifige. Is mé arsa Conn. Tabhair amach go bhfeicfidhme é arsa fear na h-oifige. Chuir sé síos a lámh sa mhála agus bheir greim cluaise ar an ghamhain agus tharraing aníos é. "Cloigean Críostaidhe a bhí ar Eóin" arsa seisean "ní cloigeann brúid a bhí air." "is cuma, mise a bhain an ceann dó." Tá an duais díolta annseo ó mhaidín. Thionntuigh sé ar shiubhal go feargach. Tá tú salach arsa fear(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Ghrianna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- c. 80
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall