Scoil: Tráigh Éanna (uimhir rolla 16030)

Suíomh:
Bá Thráigh Éanach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
P. Mac Giolla Bhríghde
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 110

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 110

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tráigh Éanna
  2. XML Leathanach 110
  3. XML “An Gasúr Amaideach”
  4. XML “Na Trí Ghadaithe”
  5. XML “Seán agus an Fathach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    isteach. Chuaidh sé isteach ins an seomra a rabh an cailín na luighe. Tóg sé spanóg bheag chuir amach braon as an bhuideal a thug an fhear do agus thug dí é. Le sin léim sí amach as an leabaidh. Dubhairt an righ go bhfúigh sé a inghean le pósadh. Seachtmhain na diaidh sin posadhmann [lanmhain] lanamhain i dteach an phobail agus bhí bainfhéis acu a mair lá agus bliadhain agus ba b’fearr an oidhche dheireannach no an chéad oidhche. Thug an righ isteach máthair an gasúr agus tá siad saidhbhsis ón la sin go dtí an lá indiú.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Na trí ghadhuidhthe.
    Bhí trí ghadhuigh an fada ó shoin agus bhí cuid mhóir airgid acu. Lá amháin smaointigh fear amháin acu go ndeanfadh siad cunntas ar an t-airgead. Thug siad amach an tábla i lár an urlár agus chruinnigh na mhalaí. Shuidh an tríur síos agus thoisigh an cunntas. Tosaigh siad ag chunntas ar maidín agus ní rabh a leath deanta acu ag meadhon lae. Bhris tarbh ar siubhal agus leis frid an teach agus an doras leis ar a cuid adarc. Síl na fir gub’e an diabhail a bhí ann agus ar siubhal leobhtha an méidh a bhí ina gcorp. Chuaidh a fear ar ba leis an tarbh isteach cruinnigh an t-airgead agus fuar gréim ar an beathaidheach agus d’imthigh leis na bhaile. Tá an fhear sin saidhbhsir on la sin go dtí an lae indiú.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. Sean agus an fhathach.
    Bhí fathach na comhnuidhe in Albain agus ba gnáth leis cailín a connailt le na chuid a deanamh réidh do. Tháinig gasúr beag tart ag cuartughadh oibre. Chuaidh sé isteach chuig an bhean seo agus d’fiafruigh dithte an dtabhairfeadh sí oibre do. Dubhairt sé go dtabhairfeadh agus d’iarr air a teacht isteach. Chuaidh sé isteach agus sin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.