Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Séamus Ó Rabhartaigh, Leitir Catha a d'innis. A mháthair a d'innis an scéal dó-san. Rugadh agus tógadh Séamus i Leitir Catha agus is ann a chaith sé a shaoghal. Tá sé fa thuairim 60 bliadhan anois.Díorfach Mac na BaintreabhaigheBhí bean ar an bhaile seo i bhfad ó shoin agus bhí mac aici arbh'ainm do Sheán agus siocair nach raibh sé ach beag bheirfaidhe "Díofach Mac na Baintreabhaighe mar leas-ainm air.
Bhí Seán agus a mháthair iongantach bocht agus nuair a tháinic Seán ins an aois go raibh sé i ndan dadaidh a dhéanamh leag sé amach do fhéin go rachadh sé ar fastodh. Bhí fear ina chomhnuidhe thuas i nGleann Fhinne ins an am arbh'ainm do an Fear Ruadh agus dubhairt Seán le n-a mháthair lá amháin go raibh sé 'gabhail ar fastodh chuig an Fear Ruadh.
"Maith go leor," arsa'n mháthair, "thig leat no tá an t-airgead a dhith orainn ar scór ar bith"
D'fhág siad slán ag n-a chéile agus d'imthigh Seán. Nuair a chuaidh sé fhad leis an Fhear Ruadh chuir Seán ceist air an dtabhairfeadh sé fastodh do. Dubhairt an Fear Ruadh go dtabhairfeadh go ndeánfadh an chuach an chead scairt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Rabhartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 60
- Seoladh
- Leitir Catha, Co. Dhún na nGall