Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 26
- XML “Na Trí Duaiseanna”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cluimhreadh. Thainig an cailín fhad leis agus í ag caoineadh. Chuir sí ceist air cad chuige ar dhóigh sé a cuid cluimhrighe.Thoisigh sí annsin agus d'innis sí an sgéal dó ó thús go deireadh. Thug sé ordughadh do n-a chuid siaghdiúir ghabhail fa choinne na leas-mháthara agus a mhná fhéin. Chuaidh 'na dhiaidh sin dóigh sé an bheirt aca.Pósadh é fhéin agus an cailín agus bhí bainis aca a mhair lá agus bliadhain, agus bhí an lá deireannach ní b'fhearr no an chead lá. Ach sul ar pósadh iad chraith an cailín brain beag uisge a bhí léithe ó'n fharraige ar a dearbhrathair agus thainic sé 'un beatha san bhomaite sin.Eanair 1935
Scéal
“I bhfad o shoin nuair nach rabh i nÉirinn acht Tighearnaigh Gaedhelacha uilig; leag an Sasanach amach go nglacfadh sé fhéin seilbh ar chuid talta maithe na hÉireann, agus go ndíbreochadh sé na Tighearnaigh Gaedhlacha.”
I bhfad o shoin nuair nach rabh i nÉirinn acht Tighearnaigh Gaedhelacha uilig; leag an Sasanach amach go nglacfadh sé fhéin seilbh ar chuid talta maithe na hÉireann, agus go ndíbreochadh sé na Tighearnaigh Gaedhlacha. Bhí sé ag cur sgéala chuig gach tighearna a áit a fhágail agus glanadh amach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomas Ó Dubhthaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall