Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 149
- XML “Scéal fá Cholm Cille”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Muire ag fás uirthí. Thóg sé isteach í fhad leis an talamh tirim, d’fhosgail sé í agus nuair a bhí sé foscailte aige chuir sé iongantas air nuair a chonnaic sé caidé bhí scríobhtha ar an buideal. D’innis sé an sgéul do shagart na paróiste agus d’orduigh seisean an corp a chur i nDún Pádraig agus cuireadh annsin é.
Eanáir 1936 Scéal
“Bhí fear i bfad o shoin, agus bhí sé comh beag agus nar tugadh aon ainm aur ach an Diorfach. Bhí sé pósta, ach ní rabh teaglach ar bíth aige.”
Nora bean Uí Dhuirnín Cró Bheithe, An Clochan Liath, Tírchonaill a d’innis an scéal seo.
Scéal
Bhí fear i bfad o shoin, agus bhí sé comh beag agus nar tugadh aon ainm air ach an Diorfach. Bhí sé pósta, ach ní rabh teaglach ar bíth aige. Bhí sé ag imtheacht ‘un Aifrinn aon Domhnach amháin. Lean an bhean é agus scairt sí leis iarraidh ar an tSagart guidh an phobail a air le h-oighre mic no ingine a chur chuco.
Trí ráithe o’n oidhche sin bhí cúpla mac aicí. Bhí capall aca agus bhí dhá shearrach ag an chapall; bhí cú aca agus bhí dhá choileán ag an choin. Bhí peata seabhaic aca, agus rug sé dhá uibhe agus thainig dhá sheabhac as an dá uibh. Thóg siad an t-iomlán, agus do réir mar bhí na gasraí ag éirghe mór chuir achan fhear aca marc ar choileán de cuid na con, ar shearrach de chuid a chapaill, agus ar éan de chuid a tseabhaic.
Nuair a thainig siad i meaduigheacht, dubhairt Donn, no bá Dubh agus Donn a tugadh ortha, ar an adhbhar go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Nora Bean Uí Dhuirnin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall