Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 132

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 132

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 132
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí cailín ar an bhaile am amháin agus Máire bheag a bhí mar ainm uirthí, siocair gur Máire mhór a bhí ar a h-aunt a bhí astoigh 'na comnuidhe aicí fhéin agus ag na muinntir.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    D'fhan Máire aige ar scor ar bith ach níl fhios agam caide d'éirigh díthe na dhiaidh sin.
    Nodlaig 1935
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Scéal

    Fad ó shoin nuair a thainic an chead mhuinntir a chomhnuidhe go Leitir-Mhac-a'-Bháird, bhí beirt fhear ina measg ar b'ainm daobhtha Mícheal Ó Baoighill agus Tomas O Gallchobhair.

    Siubhan Ní Dhomhnaill, Leitir Catha, An Clochan Liath, Tírchonaill a d'innis. Tá sí fa thuairim 50 bliadhan d'aois. Chualaidh sí an scéal seo ag n-a hathair.
    Sgéal
    Fad ó shoin nuair a thainic an chead mhuinntir a chomhnuidhe go Leitir-Mhac-a'-Bháird, bhí beirt fhear ina measg ar b'ainm daobhtha Mícheal Ó Baoighill agus Tomas O Gallchobhair. Ins an am, bá ghnáthach an talamh uilig a roinnt ar na daoine, agus tharla sé go raibh cuid talaimh Mhíchil agus cuid Thomais ag críochantacht le n-a chéile. Bhí go maith agus ní rabh go h-olc, d'éirigh na teaghlaigh aníos cosamhail leis na comharsannaigh, ach bhí gasúr ar theaghlach Thomais ar b'ainm do Pádraig, agus fear eile ar theaghlach Mhícil ar b'ainm do Domhnall, agus aindeóin go raibh siad ar sgoil i gcuideachta a chéile. bhíodh siad i gcomhnuidhe ag troid la n-a chéile.
    do réir a chéile d'éirigh siad mór, ach ní rabh morán difir annsin, ar an ádhbhar gur éirigh siad-san níos measa da chéile. bhí a muinntir iongantach buidhearta, agus d'fhiach siad ar achan dóigh an diospoireacht a shocrú, ach ní rabh maith ann. Mheas siad go mbéadh bruighean ar dheireadh na diospoireachta.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Siubhan Ní Dhomhnaill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    c. 50
    Seoladh
    Leitir Catha, Co. Dhún na nGall