Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 109
- XML “Baintreach Ghleann Domhain”
- XML “Scian go mBuaidh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar bith do dá gcuireadh sé ar shiubhail an leomhan Chuir sé ar shiubhail an leomhan agus thainig sé arais le mála na n-éanach.
Tugadh mála óir, agus mála airgid do. Chuaidh sé 'na bhaile go Gleann Domhain chuig na mháthair agus chomhnuigh siad go seascair ariamh 'na dhiaidh sin.Nodlaig 1935 - Tomas Ó Dubhthaigh, Áird Mhín, Clochán Liath Tírchonaill a d'innis an scéal seo. Eisean a d'innis fosta an scéal atá teacht indiaidh a scéil seo mar tá - "Cailleadh Scian go mBuaidh" Níl a fhios agam cé aige a chualaidh sé na scéalta seo.Scian go mBuaidhLá da raibh na Fiana ag seilg ar Shliabh na mBan Fionn amharcaidh Goll Mac Móirne agus tcídh sé aniar chuca ón fhairrge fear mór agus é gléasta fa n-a chuid airm agus éididh. Nír bhfada go dtainic sé fhad leo agus níor aithin fear ar bith san chuideachta é"C'ainm, no cé chloinn thú?" arsa Fionn
"Tá," ar seisean, as Críoch Lochlann a thainig(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomas Ó Dubhthaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall