Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 105

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 105

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 105
  3. XML “Aodh Bán agus Séamus Crón”
  4. XML “Baintreach Ghleann Domhain”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Searlas Ó Searcaigh, Leitir Catha, Clochan Liath, Tírchonaill a d'innis an scéal seo. Fuair sé bás anuraidh. Go ndeánaidh Dia A mhaith air.
    Baintreabhach Ghleann Domhain
    Bhí baintreabhach ann aon uair amháin a bhí na comhnuidhe i nGleann Domhain. Bhí triúr mac aici. Maidin amháin d'iarr an mac a ba sine ar a mháthair éirghe agus tuirtín a dheánamh do no go rabh sé ag imeacht. D'éirigh sí agus rinne sí an tuirtín do, agus nuair a bhí sé deánta aicí thug sí do é. Chuir sí ceist air, cé aca a bh'fearr leis an tuirtín go h-iomlán agus a mallacht no a leath agus a beannacht. Dubhairt sé go rabh an t-iomlán beag go leor aige, agus d'imthigh sé. Mhair a mháthair ag mallachtaigh leis go dteachaidh sé amach as amharc.
    Bhí go maith agus ní rabh go holc, shiubhail sé leis go dtainig sé fhad le tobar a bhí ar bharr cnuic. Bhí madadh beag ribeach ruadh 'na shuidhe ag an tobar. Bhí iochtar meala agus uachtar fola ar an tobar. D'iarr an madadh comhair agus cuid ar an ghasúr. Dubhairt an gasúr go rabh sé beag go leor aige fhéin. Shiubhail an gasúr leis agus ní
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1000: Bargain Not to Become Angry
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Searlas Ó Searchaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Leitir Catha, Co. Dhún na nGall