Scoil: Doire Thanaidhe (uimhir rolla 11204)

Suíomh:
Doire Sheanaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
M. Ní Amhalaghaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1054, Leathanach 049

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1054, Leathanach 049

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Thanaidhe
  2. XML Leathanach 049
  3. XML “Scéal Grinn”
  4. XML “Pisreogaí fá Oíche Bhealtaine”
  5. XML “Oíche Bhealtaine”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    arsan deirbhsiur "no níl fhios aige caidé tá sé a radh" "Caidé'n lá a bhfuair tú an sparan" arsa an tighearna, "an lá súl a dteachaidh mé na scoile" ars seisean. Chreid sé cainnt na giorrsaigh ag? d'imthigh sé annsin bhín sparan aici duithe fein.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Creideann na daoiní gur choir do gach duine "Crann Bealatine" mar deir siad a chur suas sa charn-aoiligh agus suliostrach a cheangal thart air agus da nfanfadh siad seo ní thiocfaidhe droch amharc a dheanamh ar a gcuid stoc. Creideann siad fosta ná choir an teinidh a coigilt an oidhche sin agus da niarrfaidhe aibhleog lá thar na bharach gur choir é a thabhairt fa chroidhe mhór mhaith.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. Sé chuaidh me spaistracht oidhche Bhealtaine
    Mo chroidhe go h-eadtrom le seidean sidhe
    Bhín Spéir bhuidhe ordha le solus gealaighe
    Bhí'n crann gan bogadh as an domhan na luighe

    Fuair mé seo ó:-
    Sorcha Ní Dhomnall
    Aois:- ceithre sgór bliadhain
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.