Scoil: Edenfinfreagh (uimhir rolla 8901)

Suíomh:
An tÉadan Anfach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Conn Mac Diarmada
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1053, Leathanach 047

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1053, Leathanach 047

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Edenfinfreagh
  2. XML Leathanach 047
  3. XML “Beatha Chríost”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    89.
    Mhionnuigh siad na mílte breag Air
    Gur dúiltigh sé ceart a díol le “Caeser”
    Gur Rí é fhéin agus gur prionnsa mór É
    Gur Mac agus oighre dó righ na Glóire É
    Ní raibh a mionnaí teacht le chéile
    D’iafruigh Pialaid cúin le cúl dó
    As rioghacht Dé seo ceist go dtí tú
    An tú Mac Dé no Rígh Thú?
    90
    Is rígh mé agus chan é an saoghal seo eiligim
    Is mé Mac Dé agus go bráth ní séanfhaidh
    Agus teifidh tusa teacht go fóill mé
    Anúas ó neamh mar Rí na Glóire
    Chuir bean Píoláid annsin litir sgríobhtha
    Nach bíodh bainnt agaibh dó Íosa
    Nó caillfhidh tú Flaitis agus béidh tú réidh leis.
    91
    Núair a fúair Píaláid fiosramh na sgeala
    Chuir sé Íosa léo go Rí Herod
    Thosail siad rompa an bráige bó clúitaigh
    Agus narbh é an fáth sin díol na trúaighe
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Conn Mac Diarmada
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An tÉadan Anfach, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Aodh Mac Mongail
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Taobh an Locha, Co. Dhún na nGall