Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Róis Ní Bhraonáin

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1052, Leathanach 15
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 15
- XML “Máire Ní Chnaipleisg”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá sin agamsa sgéal beag neaf - neafach fá cháis na caillighe a báitheadh maidín Dia Domhnaigh, uair roimhe éirigh gréine, dhá uair stéis an mheadhon lae, ag sráid bhaile comhraic ag comhraic no gcúig gcasán an áita rabh ocht dtroighthe déag de dhroicead cloiche, teampall cliteach an áit ar báitheadh an chailleach. Is fíor gur gheall ar ghaol is gineadh damhsa a bhí an chailleach. Da bhfuighinnse bás, chuireadh sise mó thuairisg-sa, ach tharla gur b’ise a fuair bás, cuirfidh mise a tuairisgsa. Shiubhal mé liom an bealach mór. Ní theachaidh me i bhfad, gur casadh duibhlach gear, gasta damh, agus lód ubhlaí leis, cloch bhróin ann na mullach le na sábhail ar a mbrúdh. Le bualadh na mbos agus tionntach na súl, di’th mé féin lód na n-ubhall. Diafruigh mé fhéin dó an bhfuighinn tuairise na caillig a(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Padraig Ó Baoghail
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chlasaigh, Co. Dhún na nGall