Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 431
- XML “An Chaora Dhubh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cleasa lúth agus beidh an flaith óg ann agus tiocfaidh sé fhad leat ar an bhomaite ach ar do bheo ná labhair leis. Comh luath agus bhéidheas deireadh thart éirigh ar mhuin d' bheithigh agus bain an baile amach.
Annsin chas sí an t-éadach ar an sguaib agus rinne each geal bán de. Chuaidh Máire ar a muin agus d'imthigh leithe. Comh luath agus tháinig sí tháing an flaith óg fhad leithe ach ní thug sí freagar ar bith air. Indiaidh sin 's uilig d'fhan sé ag na taoibh.
Nuair a bhí deireadh thart léim sí ar mhuin an éich ach bhi seisean comh gasta leithe agus bhí a brog in a láimh leis.
Comh luath agus sheasuigh sí ar thairseach an dorais bhí a chuid giobal uirri arís agus an scuab in a láimh. Bhí an teach deas, glan,ord ach bhí an chaora dhubh ar iarraidh.
Níor raibh sí i bhfad istigh go dtáinig an chuid eile agus an flaith óg leo. Nuair a chaith an t-iomlán(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mhac Gloinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Eirg, Co. Dhún na nGall