Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 429
- XML “An Chaora Dhubh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an t-uisge uirri ach caidé bhí aici ach súil draoidheachta cúl a cinn. Dhruid an dá shúil tosaigh ach d'fhan an ceann cúil fosgailte. Thug siad iarraidh 'na dhruid le clábar ach buail sé orra.
Ag pilleadh abhaile dóibh chuir an bháinrioghan an cheist " Caidé an rud is iongantaighe a chonnaic tú indiú?. Thoisigh Sighle gur innis si ó bhun go barr fan chaoirigh dhuibh agus an féasta.
Chuaidh sí glan díreach fhad leis an rígh agus d'iarr air an chaora dhubh a mharbhadh. "Dhéanfaidh mé lom dearg na fírinne leat", arsa an rí " ní mhairbhfidh mé an chaora dhubh cionnas nach liom féin í ach mairbhfidh mé caora ar bith eile duit."
D'imthigh an bhainrioghan annsin fhad le Cailleach na gCearc.Chomhairligh sise do'n bhainrioghan coilleach og a mharbhadh agus bolgam de'n fhuil a chongbhail ina béal agus é a chathamh amach ag cosaibh an ríogh. Rinne sí amhlaidh agus shaoil an rí go raibh a seal tugtha. D'innis sí dó nach raibh ach leaghas amháin le déanamh uirri ach giota feola na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mhac Gloinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Eirg, Co. Dhún na nGall