Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)

Suíomh:
An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Rois Ní Braonáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 428

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 428

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sealgán
  2. XML Leathanach 428
  3. XML “An Chaora Dhubh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus ghnidhtí seo bheadh an t-éadach clúmhduighthe le soighthigh óír agus airgid agus iad líónta le toghadh gach bídh agus díghe. D'íosadh an bheirt aca a seacht sáigh agus chuireadh siad an fuigheallach i bhfolach.
    Thoisigh an bhainrioghan ag cur sonnrú ina an mhéid agus an ramha a bhí ag teacht i Máire agus chuir sí cogar i gcluais Bhrighde súil a chongbhail uirri. Lá thar na bhárach chuaidh Brighid leithe ach d'iarr an chaora dhubh ar Mháire uisce a chathamh ar Bhrighid ins na cluaisibh agus thuit Brighid 'na cnap codladhta. D'ith agus d'ól siad mar ba dual dóibh agus ag pilleadh dóibh d'fhiafruigh an bhainrioghan do Bhrighid " Caidé an t-iongantas is mó a chonnaic tú indiu?" " Ní fhaca mé dadai", arsa Brighid.
    Lá thar na bhárach chuaidh Cáit léithe ach caitheadh an t-uisge uirri-se agus thuit sí siar fosda. D'ith agus d'ól siadsan agus ag pilleadh dóibh chuir an bhainrioghan ceist uirri " Caidé an t-iongantas is mó a chonnaic tú indiu? "Ní fhaca mé dadai," arsa Cáit.
    Lá thar na bhárach chuir an bhainrioghan amach Sighle agus caitheadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Rois Ní Bhraonáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Mhac Gloinn
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Loch Eirg, Co. Dhún na nGall