Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)

Suíomh:
An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Rois Ní Braonáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 426

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 426

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sealgán
  2. XML Leathanach 426
  3. XML “Na Trí Comhairleacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bhí ann ach a mhac nach bhfacaidh sé ariamh. Léim an bheirt amach agus chuir siad an-fháilte roimhe. Ní thiocfadh leisean a shúla a bhaint as an mhac bhréagh a bhí aige.
    Fá dheireadh b'éigin dó innse dóibh nach raibh a dhath leis indiaidh fhaid is bhí sé ar shiubhal, ach dubhairt sé gur tugadh na trí comhairliacha a b'fheárr dó a fuair sé ariamh agus go dtug an maighistreas beart beag dó.
    D'fhosgail an bhean an beart agus thoisigh na guiniacha buidhe óir a tuitim amach. Chunntas siad iad agus sé chéad ghuiniacha a bhí ann. Shuidh siad go maidin agus le fáinne an lae cuireadh an fear óg fa choinne gach saghas bidh agus dighe. Ghléas siad féasta agus bhí am bréagh aca ó sin amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0910B: The Servant's Good Counsels
    Teanga
    Gaeilge