Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 424
- XML “Na Trí Comhairleacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)níor fágadh tom no luibh dí nár dóigheadh, níor bhfiú an bheirt a raibh ag caint leisean tamall roimhe sin.
Shiubhail sé leis ach d'eirigh se comh mall sin go dteachaidh sé fhad leis an chéad solas a chonnaic sé.D'iarr sé lóisdín go maidin agus fuair. D'fhág sé a bheart uadh agus shuidh síos. Ní raibh le feiceal ach seanduine agus bean óg. Thoisigh an seanduine a chur a thuairisce agus fhad 's a bhí sé ag innse fa na thaoibh féin chonnaic sé an bhean óg ag an doras ag cainnt le fear eile agus chualaidh sé an fear ag rádh. " Mairbhfidh muid anocht é." Char raibh fhios aige ciaca é féin nó an seanduine a raibh an chainnt fa dtaoibh de ach smaointigh sé ar an darna comhairle. Go mbeadh sé cinnte chuir sé ceist ar an tseanduine " an ingean duit an bhean óg?"
" Chan eadh, maise, ach mo bhean. Tá muid pósta mí." Comh luath agus chualaidh sé sin bheir sé ar a bheart agus as go bráth as. Shiubhail sé leis(leanann ar an chéad leathanach eile)