Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)smaointiú air. Cha dtiocfadh léithe é a sheasamh agus d'imthigh si amach ón phota. Siúd arais an boladh deas agus shaoil sí go raibh achan seort mar bhí agus chuaidh sí gur chuir sí a ceann isteach os cionn an phota leis an bholadh maith a fhághail go maith dóigh a chuirfeadh sé an boladh bréan ar a chuimhne go deo.
Ach comh luath agus a chuir sí a gaoithsreáin os cionn an phota d'imthigh an óige agus a dóigheamhlacht agus bhí sí 'na sean chailligh, chróin, ghránnda.
Mhothuigh mac an ríogh an boladh deas agus phill sé fhad leis an phota ach nuair a chonnaic sé an chailleach mhillteanach theith sé an méid a bhí ina chnámhaibh. Nuair a chonnaic an chailleach é ag imtheacht sgairt sí leis focla a mhaireann go fóill:
" Deireadh gach féile a cháineadh
Deireadh gach sláinte osna
Deireadh gach cailín an chailleach"
Thug sin air tionntú agus chuir sé ceist uirri " Cé thú féin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Ua Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)