Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)

Suíomh:
An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Rois Ní Braonáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 373

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 373

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sealgán
  2. XML Leathanach 373
  3. XML “Mac Chonall Dhuibhlinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    leis. Rinne sé sin agus ar maidin d'imthigh an bheirt. Shiubhail siad leo go dtáinig siad fhad le solus agus chuaidh isteach. Bhí fear beag eile ribeach ruadh istigh annsin.D'fhiafruigh siad dó an bhfacaidh sé péire ag dul thart agus dubhairt sé go dteachaidh péire thart uair ó shoin. D'eirigh siad le himtheacht ach chomhairligh an fear beag dóibh fanacht go maidin agus go rachadh seisean leo. Rinne siad seo.
    Ar maidin d'imthigh siad agus shiubhail go raibh neoin bheag agus deireadh an lae ann nuair a chonnaic siad solus. Teach a bhí ann agus bhí fear ruadh eile ann 'na shuidhe ag an teinidh. D'fhiafruigh siad dó an bhfaca siad péire ag dul thart.Dubhairt sé go dteachaigh péire thart uair ó shoin agus nuair a bhí siad éirigh d'iarr sé orra fanacht go maidin agus go rachadh seisean leo. Rinne siad seo.[Annsin] le fáinne an lae d'imthigh an ceathrar agus shiubhail leo go dtáinig siad go dtí'n fhairrge. Sheasuigh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
    AT0303: The Twins or Blood‑Brothers
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Rois Ní Bhraonáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Mhac Ghloinn
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Loch Eirg, Co. Dhún na nGall