Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)

Suíomh:
An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Rois Ní Braonáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 371

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 371

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sealgán
  2. XML Leathanach 371
  3. XML “Mac Chonall Dhuibhlinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    chailleach ag fághail na buaidhe sgairt Mac Chonaill " cuidigh, cuidigh a chapaill," agus sgairt sise " teann, teann a ribe."
    Is doiligh domh agus mé plúchta ins an luaith,' arsa an ribe leithi.
    Cuidigh!, cuidigh! a chú
    Teann!, teann!, a ribe
    Is doiligh domh agus mé plúchta ins a' luaith.
    Cuidigh!, cuidigh!, a sheabhaic!
    Teann!, teann! a ribe
    Is doiligh domh agus mé plúchta 'sa luaith
    Le sin d'éirigh Mac Chonaill de léim agus tháinig anuas uirri le na mharbhadh ach d'iarr an sean bhean ceathramhadh anma air. D'innis sí dó nach raibh a dhearbhrathair marbh ar chor ar bith ach go raibh sé 'na charraic cloiche amuigh annsin. Dubhairt sí leis go raibh tobar de'n íocshláinte ag taoibh an toighe agus nach raibh le déanamh aige ach iad a thomadh ann agus go dtocfadh a cosamhlacht féin orra uilig arís. Rath seisean amach agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
    AT0303: The Twins or Blood‑Brothers
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Rois Ní Bhraonáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Mhac Ghloinn
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Loch Eirg, Co. Dhún na nGall