Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)

Suíomh:
An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Rois Ní Braonáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 369

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 369

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sealgán
  2. XML Leathanach 369
  3. XML “Mac Chonall Dhuibhlinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    marbh agus theann air ar shiubhal. Thug sé leis capall bán, cú dubh agus seabhac.
    Níor stad sé gur bhain sé caisleán an ríogh amach. Chuir an rí fáilte roimhe nó shaoil se gur bé a chliabhan féin a bhí aige. Chuir an ingean céad míle fáilte roimhe nó shaoil sí gur bé a céile féin a bhí aici agus ní thiocfadh bheith ina dhiaidh orra nó bhí siad cosamhail le chéile. Rinneadh réidh féasta mór dó a mhair go maidin.
    Lá thar na bhárach nuair a bhí an cailín ag scuabadh amach an toighe tháinig an gearrfhiadh agus shuidh ag an doras. Sgairt sise orra uilig theacht leis an iongantas a fheiceáil agus nuair a d'amharc siad bhí an gearrfhiadh eadar dha chois an chapaill bháin.
    D'imthigh an rása agus achan léim a dtabharfadh an capall shaoilfeá go raibh sé ar mhullach an ghearrfhiadh agus achan léim dá dtabharfadh an gearrfhiadh shaoilfeá go raibh sé ar dhruim an bheithigh. Leanadh go dtí'n sean stábla iad agus chuaidh an gearrfhiadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
    AT0303: The Twins or Blood‑Brothers
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Rois Ní Bhraonáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Mhac Ghloinn
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Loch Eirg, Co. Dhún na nGall