Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 367
- XML “Mac Chonall Dhuibhlinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an chéad lá.
Nuair a bhí an cailín ag scuabadh amach an toighe lá thar na bhárach tháinig gearrfhiadh agus shuidh ar leic an dorais. Chuir an cailín fios ar an rí, agus nuair a d'amharc siad bhí an gearrfhiadh eadar dhá chois an chapaill bháin. D'imthigh an rása agus achan choiscéim a ghlacfadh an capall shaoilfeá go raibh sé ar mhullach an ghearrfhiadh agus achan choiscéim a bhéarfadh an gearrfhiadh shaoilfeá go raibh sé ar dhruim an chapaill bháin.
Ins an deireadh stad an rása ag sean stábla nó chaill siad an gearrfhiadh. Lean a' gaisgidheach leis go dtáinig sé fhad le teach. Isteach leis agus d'éirigh sean bhean le rúide agus dubhairt ' Céad míle fáilte romhat",a Mhic Chonaill Dhuibhlinn!, is tusa a mharbhuigh mo thrí mic agus is fada mé ag fanacht leis an cheann a bhaint díot".
Dubhairt Mac Chonaill nach ndéanfadh sé troid ar bith go gceanglochadh sé a chuid eachthaigh. Thug sise tri ribeacha(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mhac Ghloinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Eirg, Co. Dhún na nGall