Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 365
- XML “Mac Chonall Dhuibhlinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bheag agus deireadh an lae ann. Chonaic sé teach mór agus tharraing air. Amach leis an fháthach ar a' bhomaite agus chuir comhraic air. Thoisigh an troid agus an mharbhthach eatorra. Rinne siad bogán den chreagán agus creagán den bhogán agus achan éan a thiocfadh ó uachtar nó íochtar an domhain is ag amharc ar an dís a thiocfadh siad.Tráthnóna d'éirigh an gaisgidheach suas naoi n-eite agus naoi nacraí ins an aer agus chaith sé an ceann do'n fhathach. Chuir se gas darach fríd chluais amháin agus amach fríd an cheann eile agus thug leis an ceann.
Níorbh fhada a shiubhail sé go dtáinig sé fhad le teach eile agus amach le fáthach mór eile agus chuir comhraic air, nó d'aitheann sé ceann a dhearbhrathra. Throid siad gur ghlan an lá agus le speirthibh an lae d'éirigh an gaisgidheach suas naoi n-eite agus naoi nacraí ins an spéir, tháinig anuas ar an fháthach agus mharbhuigh é. Chuir sé gas darach fríd chluais amháin agus amach ar chluais eile agus thug leis an ceann. Níor b'fhada a dteachaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mhac Ghloinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Eirg, Co. Dhún na nGall