Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)

Suíomh:
An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Rois Ní Braonáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 364

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 364

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sealgán
  2. XML Leathanach 364
  3. XML “Mac Chonall Dhuibhlinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    anall gaibhte. Chuaidh beirt ach chaith Mac Chonaill na cinn díobh agus chaith na cinn anonn chuig an chaisleán. Tháinig dubhfhearg ar an ríogh agus d'iarr sé ar dáréag a dhul anonn agus é a cheangal agus a thabhairt 'na caisleáin gaibhte.
    Chuaidh an dáréag anonn ach chaith seisean na cinn de dheich gcloignibh agus steall na cosa agus na lámha den bheirt eile agus chaith an t-iomlán anonn chuig caisleán an ríogh. Chuaidh an rí ar na daorthaibh agus d'iarr ar a chuid fear uilig a dhul anonn. " Ach ná marbhuigh é, fág an pléisiúr sin agamsa ach tabhair libh gaibhte e".
    Chuaidh siad uilig anonn ach mharbhuigh Mac Chonaill an duine deireanach díobh.
    Ansin shiubhail sé ar mhullach na gcorp go dtáinig sé go dtí'n caisleán. Chuir an rí an-fháilte roimhe nó " is tú an gaisgidheach is fearr a bhfacaidh me rith mo shaoghail". Rinneadh suipéar an-bhréagh dó agus chodlaigh sé i leabaidh an ríogh go maidin. Ar maidin bhog sé leis. Shiubhail sé go raibh an neoin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
    AT0303: The Twins or Blood‑Brothers
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Rois Ní Bhraonáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Mhac Ghloinn
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Loch Eirg, Co. Dhún na nGall