Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 363
- XML “Mac Chonall Dhuibhlinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)lae ann go bhfacaidh se solus i ndeas dó. Teach beag a bhí i lár coilleadh agus nuair a chuaidh sé isteach d'éirigh sean bhean le rúide agus beiridh greim láimhe air.
" Céad míle fáilte romhat, a mhic Chonaill Dhuibhlinn", arsa sise. Chuir sí síos pota uisge gur nigh sé a chosa. Thug sí neart dó le hithe agus le hól agus ansin d'éirigh sí agus dubhairt go gcaithfeadh sí fhéin a dhul anonn fhad le caisleán an ríogh.Níor leig an buachaill óg anonn í gur shásuigh sé é féin ag cur ceist uirri.
San am seo ba ádhbhar crochta a bheith mall ag cuireadh ríogh agus thug an rí ordú an chailleadh a chrochú comh luath agus a tháinig sí.D'iarr an tseanbhean ceathramhadh anma agus mhínigh dóibh gur gaisgiach óg a tháinig 'un toighe a chonbhuigh í gur shásuigh sé é feín le na chuid ceist. Ní raibh gar ; crochadh an chailleach.
Annsin d'iarr an rí ar bheirt de a chuid fear a dhul anonn agus an fear óg a cheangal agus é 'thabhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mhac Ghloinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Eirg, Co. Dhún na nGall