Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 361
- XML “Séamus agus na Marcaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)de uirlisibh toighe, agus soighthigh óir agus airgid, agus an línéadach is míne ins na cúig cúígibh.
" Maith go leor," arsa Séamus "pillfidh muid agus fáilte". D'imthigh siad 'na bhaile ins an chóisde bréagh a thug an rí dóibh. Chuir Séamus ádhbhar an chulaith fhad leis an fhear uasal agus thug sé sin fiche guiní buidhe dó. Thug se páipéar an Phápa do'n sagart agus shásuigh an páipéar an dá shagart nó bhí paróisde le fághail ag an bhert aca. Thug achan fhear aca fiche guiní buidhe do Shéamus fosda.
Phill siad arais indiaidh tamaill a chathamh i gConnacht ach ní thiocfadh le ceithre choisdí iompar an saidhbhreas a bhí leo. Cheannaigh siad talamh an tSratha Buidhe uilig agus bhí mac aca a bhí 'na thighearna talaimh ina dhiaidh sin.Ó Éadhmonn Mac Eiteogáin, An Sealgán, a fuair ó shean duine as Leitir Mac a Bháird.
RNí B- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Eadmonn Mhac Eitheogáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Sealgán Mór, Co. Dhún na nGall