Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 357
- XML “Séamus agus na Marcaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)milliú an toighe s'againne, arsa seisean go colgach, an teach a bhí againn le na mílte bliadhain, agus muna stadann tú dhéanfaidh mise oiread duit." " Maith go leor", arsa Séamus, "dhéanfaidh mé sin agus fáilte". Annsin thug an seanduine rotha beag dó. " Níl agat ach an rotha a chasadh agus dhéanfaidh an rotha an chuid eile"
Aníos le Séamus 'un toighe agus bhain cúpla casadh as an rotha. Ar an bhomaite bhí an teach lán min choirce. Chrom Séamus agus a bhean dá líonadh isteach i málaibh, agus is cuma caidé'n méid a baineadh úsáid as níor éirigh an toirt dadaí nios lugha. Ní raibh Séamus a' dul a innse dí caidé mar fuair sé an rotha nó gheall sé do'n seanduine nach n'innseochadh se do neach beo fá'n margadh a rinne siad. D'éirigh sí an-mhíshuaimhneach ina hintinn agus nuair nach bhfuair sí amach fios a sgéal d'fhág sí Séamus.
Nuair a bhí Séamus ag amharc 'ina diaidh tháinig dubh bhrón agus cumhaidh air agus lean se í agus d'innis an t-iomlán dí ó bhun go bárr. Shásuigh sin í agus phill sí leis(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Eadmonn Mhac Eitheogáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Sealgán Mór, Co. Dhún na nGall