Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 356
- XML “Séamus agus na Marcaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus as go brách le na marcuigh as amharc. Thóg Séamus a bheart, chuir ar a mhuin é, chaith sileóg ar a bhata agus ar shiubhal leis a' bhaint an baile amach.
Bhí sé mall go maith 'san oidhche cinnte go leor, ní nach hiongnadh, agus bhí a bhean 'na suidhe ag fuireachas air. Chuir sí míle ceist air caidé chonbhuigh é? Sé an leithsgéal a bhí aige nár díoladh ar son na muice é go raibh sé an-mhall tráthnóna. Chreid sí sin agus bhí sí bréagh sásta nuair a chunntais sí an t-airgead.
"Tá go leor airgid againn anois agus toisigh thusa ag obair i mbárach ar an talamh, nó beidh muid ábalta bárr maith préataí agus arbhair a chur síos an tEarrach seo". "Maith go leor", arsa Séamus, dhéanfaidh mé sin agus fáilte".
Chodluigh an bheirt aca go sámh an oidhche sin, Séamus cionnas go raibh sé tuirseach amach agus an bhean cionnas go raibh sí sásta ina haignidh.
Ar maidin chuaidh sé ag obair faoin teach agus an chéad lán spáide a thog sé sin chuige an seanduine beag liath lom.
"Bhfuil fhios agat go bhfuil tú ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Eadmonn Mhac Eitheogáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Sealgán Mór, Co. Dhún na nGall